Skip to main content

Beatha Phí (Life of Pi)

  • 0.5 KG:
  • Coiscéim
  • Risteárd Mac Annraoi, Yann Martel
  • 6660012200139
Praghas

€15.00


Aistriúchán Gaeilge ar Life of Pi le Yann Martel. Aistriúchán le Risteárd Mac Annraoi.

 

Clasaic i litríocht an domhain cheana is ea Beatha Phí, lán de mhíorúiltí is iontais. Bronnadh duais Man Booker air in 2002 chomh maith le gradaim eile, rinneadh scannán de a bhain ceithre Oscar, agus tá sé aistrithe i mbreis agus daichead teanga. Seo anois é i nGaeilge.

Tagann Pi Patel slán nuair a théann an long go tóin poill agus a mhuintir ag aistriú ón India go Ceanada. Nil fágtha i ndiaidh na tubaiste ach é féin agus tíogar mór ocrach, iad ar fån i mbád tarrthála ar an bhfarraige mhór fhiáin. Saol idir codladh is dúiseacht atá acu, an bás agus an bheatha fite fuaite ina gcuid smaointe. Réitíonn na téamaí seo go binn le saol síorimníoch ár linne agus é i mbaol a dhíothaithe. Ní mór do Phí dul i muinín na n-acmhainní atá faoina láimh chun teacht slán, agus dul amach ar chreideamh a chroí. Ní mór don léitheoir dul i ngleic leis na fadhbanna a chuireann an leabhar romhainn, agus firinne an scéil a aimsiú.

 

Rugadh Yann Martel sa Spáinn i 1963 do Cheanadaigh Fhrancacha. Chomh maith le Beatha Phí, tá na húrscéalta mórchlú Self, Beatrice and Virgil agus The High Mountains of Portugal scríofa aige, agus an cnuasach gearrscéalta The Facts Behind the Helsinki Roccamatios. Tá cónaí air i Saskatchewan Cheanada.

Is aistritheoir bisiúil é Risteárd Mac Annraoi as Corcaigh. Chuir sé Gaeilge ar An tUasal Palomar le Italo Calvino do Choiscéim, agus ar ilúdair an domhain sa chnuasach Mil as Gach Bláth, gan trácht ar a chuid leabhar féin faoi chúrsaífealsúnachta agus staire.