Skip to main content

Beir mo Dhúthracht – An Seabhac – Pádraig Ó Siochfhradha

  • .4 KG:
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Caitríona Ní Chathail, Pádraig Ó Siochfhradha
  • 9780906096192
Praghas

15.00


Beir mo Dhúthracht

B’aoibhinn domhsa go hỏg nuair bhíos ann.

I mBaile an Ghóilín ar bord na taoid’ ann,

Ag éisteacht ceol um neoin ‘sna coillte.

Aige lon is smolaigh, a geór do b’aoibhinn.

Rugadh Pádraig Ó Siochfhradha nó An Seabhac i mBaile an Ghóilín, An Daingean. Co. Chiarraí sa bhliain 1883. Dá shaothair phróis, Jimin Mháire Thaidhg (1921). An Baile Seo ‘Gainne (1913), dá shaothar ar logainmneacha a cheantair dhúchais, Triocha-chéad Chorca Dhuibhne (1939) agus Seanfhocail na Mumhan (1926) is fearr aithne air ach údar é ar go leor leor foilseachán agus altanna eile chomh maith. Ba le teagase na Gaeilge, le hobair chnuasaithe an bhéaloidis agus le cúrsaíeagarthóireachta a bhí sé gafa ar feadh cuid mhaith dá shaol chomh maith le cúrsal riaracháin phoiblí, cúrsaí oideachais agus gluaiseacht na Gaeilge.

Cailleadh Pádraig Ó Siochfhradha, An Seabhac, leathchéad bliain ó shin, ar an 19 Samhain 1964, in aois a 81 bliain. Bhí sé ar na daoine ab ildánaí i saol na Gaeilge sa bhfichiú haois. “Is trua liom go deo.” a dúirt Séamus Ó Duilearga ina chuntas iarbháis, “nár mhair An Seabhac chun a bheatha-fhaisnéis a scríobh mar ba shuimúil mar a chuirfeadh sé síos ar a imeachtaibh, agus ar an saol ba chleachtach leis, insan limistéar… ba chúl-taca riamh dá mheon agus dá shaothar ó aois go bás. Corca Dhuibhne na gcuanta agus na sléibhte maordha…” Ach tá a leithéid sin go díreach le fáil anois in Beir mo Dhúthracht: cuntas beo anamúil an tSeabhaic ar dhúthaigh Duibhneach le linn a óige, ar Bhaile an Ghóilín agus Tigh Mór Lord Ventry, ar na daoine tréitheacha a ghin dúthracht don dúchas ann, chomh maith leis an mianach cruthaitheach. Cuntas fforluachmhar é seo, é foilsithe anois den chéad uair, a bhuíochas sin do Phádraig Ó Siochrú, mac dearthár an tSeabhaic, agus do Chaitríona Ní Chathail.

– Máirín Ní Dhonnchadha, Ollamh le Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh