D’fhéadfadh tairifí a bheith ar orduithe go SAM; beidh an faighteoir freagrach as na tairifí a íoc. Ní dhéanfar aisíocaíocht ar chostas poist do bheartanna a thagann ar ais chugainn. / Tarriffs in place on imports to USA; receiver is responsible for payment of tarriffs via An Post or UPS. Postage costs will not be refunded on parcels returned to us due to non-payment. Folaigh
Seo é Bertie Brocach, an buachaill is brocaí, is bréine agus is barrúla dár casadh ariamh ort. Cuirfidh sé alltacht ort. Cuirfidh sé déistean ort. Cuirfidh sé fonn múisce ort, b’fhéidir. Ach más maith leat mísc agus más breá leat brocamas, agus más dánaíocht agus diabhlaíocht is deise leat ar domhan, suigh síos go socair agus bain sásamh agus sonas as.