Skip to main content

Bilal agus Cócó *ag teacht Márta 2026*

  • .35 KG:
  • LeabhairCOMHAR
  • Áine Uí Fhoghlú
  • 9781918127010
Praghas

12.00


Buachaill dhá bhliain déag d’aois é Bilal. Tá a dheirfiúr Salma sé bliana d’aois. Mohammed is ainm dá Dhaidí agus Mariam is ainm dá Mhamaí.

Is as an bPalaistín dóibh. Tá cónaí orthu go sealadach in Óstán an Chaisleáin, Baile Átha Cliath, Éire. Agus é ar an mbealach abhaile ón scoil lá, tagann Bilal ar phuisín beag gleoite a chaith duine éigin sa bhruscar. Déannann sé í a tharrtháil, ach ní cheadaítear ainmhithe san óstán, agus faigheann Bilal amach nach bhfuil sé éasca puisín beag a choimeád faoi rún i seomra óstáin! Beidh ar Bilal teacht ar phlean chun a chinntiú nach gcaillfidh sé a dhlúthchara nua.

Scéal lán le croí é seo a mheabhraíonn dúinn an tábhacht a bhaineann le cineáltas agus cairdeas.

Bhuaigh leagan den scéal seo duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais, 2023.

As Gaeltacht na Rinne i gCo. Phort Láirge d’Áine Uí Fhoghlú.

Scríbhneoir ficsin agus file í a bhfuil dhá scéal don fhoghlaimeoir fásta foilsithe aici agus cúig chnuasach filíochta. Bhailigh agus thaifead sí cnuasach béaloidis as Gaeltacht na nDéise, a foilsíodh mar leabhar.

Seo é an cúigiú scéal do dhéagóirí atá foilsithe aici. Tá go leor duaiseanna scríbhneoireachta buaite aici, gradaim ó Oireachtas na Gaeilge ina measc.

Is dearthóir agus maisitheoir as Baile Átha Cliath í Serena Scully atá anois ina cónaí sa tSualainn. Déanann Serena maisiú ar scéalta a dhéanann ceiliúradh ar áilleacht an dúlra agus a chuireann téamaí amhail an inbhuanaitheacht agus an éagsúlacht chun cinn.