Bláth na dTulach – Díolaim Ultach
- 0.8 KG:
- Éabhlóid
- Réaltán Ní Leannáin (eag.), Ilúdar
- 9781916047007
€20.00
*Ainmnithe ar Ghearrliosta Ghradam Leabhar na Bliana An Post 2022
Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil.
Liosta na scríbhneoirí a bhfuil scéalta leo sa leabhar:
Antain Mac Lochlainn, Brighid Ní Mhonacháin, Celia de Fréine, Daithí Ó Muirí, Danny Brown, Deirdre Ní Grianna, Dubhán Ó Longáin, Eithne Ní Ghallchobhair, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Gabhán Ó Fachtna, Iarla Mac Aodha Bhuí, Máire Burns, Máire Dinny Wren, Máire Zepf, Máirín Uí Fhearraigh, Michelle Nic Pháidín, Pádraig Ó Gallchobhair, Proinsias Mac a’ Bhaird, Réaltán Ní Leannáin, Réamonn Ó Ciaráin, Róise Ní Baoill, Sam Ó Fearraigh, Séamus Mac Annaidh, Seán Mac Gintidh, Seán Ó Dúrois, Seán Ó Muireagáin, Seanán Mac Aoidh, Síle Uí Ghallchóir
Molta ag foireann An Siopa Leabhar:
Radharc amháin a bheadh de dhíth ort le tuiscint gur leabhar speisialta é seo. Luíonn forchlúdach galánta bláthúil air mar thionlacan don ábhar luachmhar ar an taobh istigh. Bain an forchlúdach, agus tá clúdach crua mín glas faoi do mhéara agus scragall órga an teidil ag lonrú romhat. Lean ort i ndiaidh an chlúdaigh agus beidh páipéar álainn bog ag fanacht ort, ríbín glas réidh le seasamh idir na leathanaigh ar do shon. An té a dtaitníonn cur i láthair an leabhair fhisiciúil leo, taitneoidh an táirge seo go mór leo.
Is léir le blianta beaga go bhfuil scéalaíocht Uladh faoi bhláth, agus sa chnuasach seo feictear scríbhinní ó údair éagsúla ón uile chearn den chúige, cuid acu ag cleachtadh cheird an ghearrscéil le fada agus cuid acu ag tús a ngairme.
Tá réimse leathan téamaí agus stíleanna sa chnuasach seo, rud éigin ann a thaitneodh le gach léitheoir. Seasann scéalta le hEithne Ní Ghallchobhair, Sam Ó Fearraigh agus Máirín Jimí Uí Fhearraigh amach don léitheoir áirithe seo. Faightear blaiseadh beag álainn de scéalaíocht na n-údar, duine ar dhuine, blaisín a chuirfeadh fonn ar dhuine dul a chuartú níos mó agus súil a choinneáil amach le haghaidh foilseacháin úra uathu.
Tógadh suíomh idirlín le gabháil leis an leabhar seo agus air sin is féidir éisteacht leis na scéalta á léamh ag aisteoirí, rud breise a chuireann leis an leabhar agus a fhágann go bhfuil na scéalta ar fáil dá thuilleadh daoine fós agus rochtain orthu ar ardán idirlín. Bealach snasta le traidisiún na scéalaíochta agus nua-thraidisiún na litríochta scríofa a fhí le chéile. Ní gan dua gan stró a cuireadh seo uile le chéile agus caitheadh grá, cúram agus taithí na mblianta i dtreo an togra mhóir seo a léiríonn scoth na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta Ultaí.




