Blúirí Oileánda – Island Pieces
- .5 KG:
- OD Books
- Diarmuid Ó Drisceoil
- 9780956441140
Praghas
€25.00
Sa leabhar is déanaí le Diarmuid, Blúirí Oileánda – Island Pieces, tá cnuasach de aistí ar ghnéithe de stair shoisialta Chléire. Tá an leabhar dhá-theangach, tá gach aiste i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá sé léirithe le breis is 150 grianghraf. Tá an leabhar deartha ar ard-chaighdeán ag Stuart Coughlan ag edit+.
Tá caractar agus nádúr an oileáin le feiscint agus le braith i bhfocail agus léaráidí an leabhair. I measc na n-ábhar a phléann an t-údar tá troscán tí, clathacha, an eisimirce, cursaí creidimh, aiteann, raithneach, leaca uaighe, dreapaí, geansaí traidisiúnta Chléire agus a lán eile.
Tugann an leabhar seo deis do dhuine scéal agus spiorad an oileáin seo a bhlaiseadh agus tuiscint a fháil ar áit shuaithinseach.





