Skip to main content

Bodach an Chóta Lachtna – eagrán nua de théacs deireannach Fiannaíochta

  • .8 KG:
  • Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
  • Deirdre Nic Chárthaigh
  • 9781855002579
Praghas

25.00


Baineann an téacs Bodach an Chóta Lachtna le sraith scéalta a saothraíodh i dtréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche ar a dtugtar ‘scéalta rómánsacha’ go minic. Sampla gléineach é den chineál scéalaíochta a cumadh i dtreo dheireadh na tréimhse sin. Tá an greann, an áibhéil agus an fhantaisíocht chun tosaigh ann, agus tá snáitheanna éagsúla de thraidisiún litríochta na Gaeilge fite fuaite ina chéile ann. Léiriú é líon mór na gcóipeanna den téacs a mhaireann i lámhscríbhinní ón ochtú agus ón naoú haois déag go raibh an-tóir air. Tá eagrán scolártha úrnua den scéal curtha ar fáil sa saothar seo, maille le réamhrá, nótaí téacsúla agus aistriúchán, anailís chuimsitheach ar theanga an téacs agus rianadh iomlán ar a sheachadadh i lámhscríbhinní. Cuireann an t-eagrán leis an tuiscint atá againn ar an scéal spleodrach seo agus ar thraidisiún scéalta próis na Nua-Ghaeilge Moiche trí chéile.