Breithiúnas
- 0.18 KG:
- An Gúm
- Máiréad Ní Ghráda
- 9781857911275
Praghas
€6.50
An polaiteoir Marcas de Grás, a shaol agus a chamshaothar, ábhar an dráma seo. Is i ndiaidh a bháis a chuirtear a scéal i láthair ach ní hionann sin is a rá nach nglacann sé féin lánpháirt ann. Baintear leas as iardhearcadh agus cuntais reatha a chlainne agus a chomhghleacaithe chun é a chur os ár gcomhair ina steillbheatha.
Tá Breithiúnas ar cheann de mhórdhrámaí na Gaeilge i gcónaí agus tá an aoir a dhéantar ann ar shaol polaitiúil na tíre chomh tráthúil inniu is a bhí an chéad uair a léiríodh é sa bhliain 1698.