Skip to main content

Bróga Johnny Thomáis

  • 0.3 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Jackie Mac Donncha
  • 9781909367654
Praghas

10.00


Is fada muid ag fanacht le cnuasach gearrscéalta ó Jackie Mac Donncha. Fuair muid leide anseo agus blúire ansiúd go raibh cumas thar an ngách i bhfear Chill Chiaráin, agus anois go bhfuil sé ar an bhfód caithfear a admháil gurbh fhiú fanacht. Tá scéalta anseo a phléann an domhan ina maireann muid: grá agus briseadh croí, dul in aois, saothrú an tsaoil — téamaí uilíocha an tsaoil curtha inár láthair go liriciúil, tuisceanach, íogair. Agus ansin tá na scéalta eile ann: an greann dubh, an t-osréalachas, na scéalta ón mBíobla curtha as a riocht le teann spraoi, an t-imeartas gleoite focal. Iad uilig curtha inár láthair go paiteanta i nGaeilge shuaithinseach an Iarthair.

Bronnadh an chéad duais i gComórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012 ar an saothar seo.

 

Clár:

  • Bróga Johnny Thomáis
  • An Peaca
  • An Lá Deireannach
  • An Eochair
  • An Poll
  • An tAdhlacóir
  • An Tuile
  • An Brogús
  • Aois na Céille
  • Biseach
  • Cogarnáil
  • Cúthalach
  • Gráinne
  • Idir Dhá Intinn
  • Tochas
  • Nuair a thiocfas Tom abhaile
  • Dúnta
  • Cinniúint
  • Tá mo Theachín ar an Ardán