Skip to main content

Cadhnaíocht – Aistí ar Mháirtín Ó Cadhain

  • 0.4 KG:
  • Coiscéim
  • Aindrias Ó Cathasaigh
Praghas

12.50


Tá leathchéad bliain ann ó cailleadh Máirtín Ó Cadhain, ach tá a chuid saothair á léamh agus á phlé fós. Tá cion mór déanta ag Aindrias Ó Cathasaigh san obair seo, eolas ar bheatha Uí Chadhain a thabhairt chun solais agus díospóireacht ar a oidhreacht á spreagadh aige. Leanann sé air sna haistí seo, idir shean agus nua, ag dul níos faide isteach i gnéithe den Chadhnach ar beag eolas orthu. Ni sheachnaíonn sé an chonspóid riamh, ach oiread leis an té atá faoi thrácht aige.

Pléann sé obair Uí Chadhain mar ghníomhaí polaitiúil, agus ceachtanna atá le baint aisti inniu. Scagann sé scéalta dá chuid, mar a d’fhorbair a chiall don litríocht agus an saol ag athrú. Téann sé i ngleic leis an gcaoi ar caitheadh le scríbhinní Uí Chadhain, i dteangacha éagsúla, agus lena bhfuil ráite ag na criticeoirí faoi. Ní thógann sé aon chlaí idir polaitíocht agus scéalaíocht Uí Chadhain, ag seasamh air i gcónaí go gcaithfear éisteacht lena ghlór ina iomláine.

 

Tá aithne fhorleathan ar Aindrias Ó Cathasaigh mar staraígéarchúiseach. Scríobh sé an bheathaisnéis is cuimsithí ar an gCadhnach, Ag samhlú troda, agus anailís ar a fhorbairt pholaitiúil, Daol na réabhlóide, chomh maith le dhá dhíolaim de scríbhinní Ui Chadhain a chur in eagar. Is minic a chuid saothair ar an raidió is an teilifís, agus in irisí. Bhronn an Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann, chomh maith le hoireachtas na Gaeilge, duaiseanna ar a leabhar is deireanaí, Ainm na Saoirse: Gaeilge Dháil Éireann 1919-22.