Cairdeas agus Cogadh
- .3 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Áine Ní Ghlinn
- 9781784443030
€8.00
Cé chomh minic is a chloistear an focal ‘aerach’ á chaitheamh mar mhasla?
Nuair a deir Eoghainín le Ciarán (nó Cío mar is fearr aithne air) go bhfuil sé aerach agus nach mbeidh sé in ann peil a imirt dá bharr, tá sé trína chéile. Ní thuigeann sé an focal ‘aerach’ ach bheadh sé croíbhriste mura mbeadh sé in ann imirt ar fhoireann na scoile agus b’fhéidir ar fhoireann an chontae lá éigin.
Caithfidh deirfiúracha móra na beirte a ladar a chur sa scéal agus a thaispeáint don bheirt óg gur cuma faoi chlaonadh gnéis agus gur féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.
Agus an t-aighneas á réiteach idir na buachaillí óga, áfach, an féidir sean- aighneas peile idir na déagóirí a réiteach freisin? An féidir leo a bheith ina naimhde ar an bpáirc pheile agus ina gcairde arís nuair atá an cluiche thart?
Iar-Laureate na nÓg (2020–2023) í Áine Ní Ghlinn, a bhfuil os cionn 30 leabhar scríofa aici idir leabhair do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Rugadh í i gContae Thiobraid Árann agus rinne sí staidéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; sa London School of Journalism, agus in Lancaster University.



