Skip to main content

Caoineadh Airt Uí Laoghaire

  • 0.2 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Seán Ó Tuama
  • 9781906882617
Praghas

12.00


Réamhaiste, nótaí téacs agus foclóir ag gabháil leis an dán cáiliúil ar seod de sheoda litríochta an domhain é. Mo chara is mo ghamhain tu!

 

An 4ú Bealtaine 1773 maraíodh Art Ó Laoghaire ar inse bheag ghlas in aice le Carraig an Ime i gContae Chorcaí. An láir dhonn cheannann a bhí faoi, thóg sí sceit agus chuir di abhaile go dtí Ráth Laoich, áit chónaithe an fhir mhairbh. Deirtear gur chuala Eibhlín Dhubh Ní Chonaill, bean chéile Airt, strampáil an chapaill sa chlós lasmuigh an oíche sin; do sciúird amach, do léim ar a muin, agus do chuaigh de shodar mire an seacht míle drochbhóthair ar ais go Carraig an Ime. Fuair sí a fear céile marbh ansiúd cois toir aitinn, “mar a bheadh bó nó capall”, é ag sileadh fola san áit ina thit sé. An oíche sini gCarraig an Ime dhein Eibhlín Dhubh caoineadh ar an gcorp…