Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna?
- .35 KG:
- Éabhlóid
- Louis de Paor
- 9781914482229
€14.00
Cnuasach láidir dánta ina bhfuil marbhnaí cumhachtach poiblí d’Emma Mhic Mhathúna, Vicky Phelan agus Sinéad O’Connor ina measc, chomh maith le cáineadh géar ar pholaitíocht na hÉireann na linne seo i gcuideachta dánta níos pearsanta faoin ghrá, an bás agus an teaghlach.
Sna dánta seo, airítear file in ard a réime; file i bhfianaise an tsaoil, ag cíoradh na smaointe is na gcuimhní agus á síothlú don léitheoir ar bhealach a thugann léargas dó – a lasann an tsamhlaíocht agus an intleacht aige.
Fiosraítear an bheatha agus neamhbhuaine an duine iontu, cuimhní na hóige, bearna na tuisceana idir na glúnta, dáimh teaghlaigh, grá athar. Mar a bheadh saighead ag aimsiú sprice ann, faigheann muid an eitilt ghlan ghéar ar dtús agus an chreathadach nuair a bhuaileann sé croí na ceiste; an focal beag breise a chaitheann solas úr ar gach focal a chuaigh roimhe, agus ansin, an buille marfach.
Tá an ghontacht anseo a mbeifeá ag súil leis ó shárfhile, an aoir fhaobhrach, an searbhas fiú, an greann agus an briseadh croí – an file ar comhbhuille le spiorad na tíre. Ní sheachnaíonn sé an saol polaitiúil ach an oiread, nó pléitear gnóithí náisiúin sa leabhar seo; is file náisiúin atá againn anseo agus guth pobail.
Tá dánta nádúir ann chomh maith, a fhógraíonn an t-athrú atá ag teacht ar an tsaol. Déantar ceiliúradh ar nóiméid bheaga an tsaoil sna dánta seo, ar na háiteanna seachantacha ina bhfaightear an deoir ghlan úr sin a shaibhríonn ár mbeatha: an driogadh atá uainn ón litríocht. Ach thar aon rud eile, tá an daonnacht le fáil ina orlaí sna dánta seo, comhbhá a shoilsíonn as na línte mar chomhartha ar choinsias sóisialta ár linne.