Ceas an Chait
- .4 KG:
- Leabhar Breac
- Labhrás Finneadha
- 9781913814311
€18.00
Greann agus spraoi
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chait, agus gach aon eachtra acu níos greannmhara agus níos spraíúla ná a chéile.
Stíl ghonta agus saibhreas breá teanga
Suite i suíomh tuaithe den chuid is mó, tá stíl ghonta sa phrós ach saibhreas breá teanga mar sin féin sna habairtí gearra. Saibhreas cainte agus scríbhneoireachta é sin a chuaigh i bhfeidhm ar dhuine de mholtóirí Chomórtas Litríochta an Oireachtais a dúirt: “Is fada ó léas scríbhneoireacht atá chomh maith leis seo. Tá sé ar fheabhas ar fad .… Ba chóir an leabhar seo a fhoilsiú gan mhoill ionas go mbeadh sé ina lámhleabhar ag gach ábhar scríbhneora.”
Léaráidí breátha a thugann léargas breise ar an bhfocal scríofa
Mar chlabhsúr ar na scéalta, tá píosa véarsaíochta i dtraidisiún an amhráin. Agus mura bhfuil ár sáth-dhóthain ansin, tá léaráidí breátha ar fud an leabhair a thugann léargas breise ealaíontóra físe ar an bhfocal scríofa.
Ghnóthaigh bunleagan an tsaothair seo duais ag Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2011.
“Údar aoibhnis”
“Údar aoibhnis dom an mhuinín atá aige as a theanga féin, ise agus eisean inniúil ar chuile ghné den saol catúil seo a léiriú gan an siolla fhéin ar sliobarna agus na glúnta d’eagna is seanchas a chine a fhuint in aon saothar snoite amháin.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie
Is sa Spidéal i gContae na Gaillimhe a tógadh Labhrás Finneadha, a bhfuil cónaí faoi láthair air ar Mhór-Roinn na hEorpa. Seo é an tríú foilseachán óna pheann, agus an dara cnuasach scéalta atá foilsithe aige.
Foilsíodh Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí in 2013. Sa bhliain 2015 a foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta, Íbíotsa, a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.




