Description
Tugtha suas chun dáta le dearadh nua-aimseartha agus le leagan amach úr agus daite. Leanann sé go cúramach Treoirlínte Sonraíochtaí an CNCM d’Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí Nua
Cuirtear Ráitis Foghlama, Príomhscileanna agus Táscairí Folláine i láthair i ngach caibidil
- Leagtar béim ar na trí ghné maidir le Fiosrúchán, Fiosrú agus Machnamh agus Gníomh síos tríd
- Tugtar míniú soiléir ar gach ceann de na trí shnáithe ag an tús de gach cuid
- Tá an teanga sothuigthe do scoláirí agus tá Leabharlann Litearthachta ann – atá nasctha le Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta na Roinne Oideachais
- Clúdaítear na mór-reiligiúin dhomhanda ar fad
- Tá an t-ábhar a chlúdaítear ann neodrach le bheith tarraingteach do scoláirí de gach creideamh agus do scoláirí gan aon chreideamh araon
- Baintear úsáid as samplaí nua-aimseartha, m.sh. Stormzy, Malala Yousafzai, Cian Ó Loingsigh agus Greta Thunberg
- Tá Intinní Foghlama agus Torthaí Foghlama ag tús gach caibidle chun an Measúnú chun Foghlama a spreagadh
- Clúdaítear ceisteanna dúshlánacha chun scoláirí atá ag leibhéal níos airde a spreagadh
- Clúdaítear Gníomhaíochtaí Machnamhacha chun cuidiú le scoláirí breathnú ar an méid a d’fhoghlaim siad
- Réimse leathan gníomhaíochtaí chun obair i mbeirteanna, obair i ngrúpaí agus obair aonair a chur chun cinn
- Leagtar béim shoiléir ar na gníomhaíochtaí atá oiriúnach do Mheasúnuithe Rangbhunaithe (MRBanna)
- Léaráidí agus grianghraif atá bríomhar agus deilbhíní atá éasca a thuiscint
- Naisc ghréasáin úsáideacha chun cur leis an bhfoghlaim agus chun tacú le MRBanna