Ceo Bruithne
- 0.25 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Colin Ryan
- 9781784442033
Praghas
€10.00
Valentina, bean óg de bhunadh na Rúise, ag dúnmharú daoine ar a pá; bleachtaire príobháideach, Luciana Wu, ag fiosrú uachtanna agus rudaí nach iad; lámhscríbhinn i dteanga mharbh á goid agus á goid ar ais – cuid de na téamaí a chíortar anseo sa dara cnuasach gearrscéalta le Colin Ryan. Sna scéalta seo tá daoine á dtaibhsiú ag na roghanna a rinne siad agus ag na cinntí nach ndearna, ag an lámh láidir a imríodh orthu nó a d’imir siad féin ar dhaoine eile, agus ag an dream a thréig iad nó ag an dream ar thréig siadsan iad. Agus i gcaitheamh an ama tá an léitheoir ag iarraidh a dhéanamh amach tríd an gceo céard go díreach atá ag déanamh orthu ar an mbóthar fada díreach sin i mbrothall an Domhain Thíos.
Clár:
- Ceo Bruithne
- Uaigh
- An Bua
- Sáite
- Na Focail
- Fáistine
- Droichead
- Fuascailt
- Gach ar Fágadh
- Crann Iúir
- Na hÚdair
- Go hIfreann
- A Leithéid Eile
- An Chathair Álainn




