Cití na gCártaí
- 0.3 KG:
- Cois Life
- Réaltán Ní Leannáin
- 9781907494932
€12.00
Táimid i Málta, aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Seo againn Kati, ógbhean tuaithe agus an duine is sine de cheathrar deirfiúracha, bua na tairngreacha aici le cártaí Tarot ach an saol roimpi féin guagach. Déantar cleamhnas di le Tomaí, saighdiúir Éireannach in arm na Breataine.
Leanaimid scéal Kati ó 1917 agus othair ag teacht go Málta de réir a chéile ó láithreacha an áir in Gallipoli, go dtí 1921 i mBéal Feirste, agus an pobal ann i ngreim na himpireachta. An éireoidh le Cití saol a dhéanamh di féin sa chathair fhuar aduain seo?
Nochtann léaspairtí ar leith chugainn ar shaol na mban.
Moladh fhoireann An Siopa Leabhar:
Úrscéal stairiúil a thugann léargas ar an saol i Málta agus i mBéal Feirste, dhá chuid de shaol an reacaire atá snite le chéile go hálainn ag an údar. Tá neart fothéamaí i gceist, a léiríonn doimhneacht na gcarachtar agus na bpobal atá á dtaispeáint sa scéal. [Gráinne]




