Skip to main content

Cnuasach Aistí – Isobel Ní Riain

  • 0.3 KG:
Praghas

7.50


Tá Isobel Ni Riain ag múineadh na litriochta i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Foilsiodh a tráchtas dochtúireachta ar Mháirtín Ó Direáin sa bhliain 2002: Máirtín Ó Direáin – Carraig agus Cathair (Cois Life). Tá taighde déanta aici ar mhodhanna múinte Gaeilge chomh maith agus ar an sli inar féidir an ról-imirt a úsáid i léachtaí litríochta. Foilsíodh leabhar ar an ábhar seo uaithi sa bhliain 2017: Modhanna Múinte Gaeilge – an Ról-imirt (Coiscéim).

Tá Cnuasach Aistí dírithe ar mhic léinn ollscoile atá ag tosnú amach ar staidéar a dhéanamh ar litríocht nua-aimseartha na Gaeilge. Sa leabhar seo déanann Isobel Ni Riain plé ar ghnéithe de shaothar na scríbhneoirí seo a leanas: Caitlín Maude, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, agus Alan Titley.