Skip to main content

Cois Caoláire

  • .4 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Máirtín Ó Cadhain
  • 9780862890803
Praghas

€12.00


D’fhéadfá cuid mhór a léamh gan teacht ar aon ní de shamhail na scéalta seo. As bá an údair le pobal arb eol dó gach cor ina n-intinn a fáisceadh iad. Scagann sé brí gach eachtra, gach nuance de smaoineamh.
Dá réir sin nochtann sé rún beatha a dhaoine agus tragóid an tsaoil. Ní eol dúinn aon scríbhneoir eile atá in ann brí agus fobhrí focal a chur ag imirt ar a chéile le hatmasféar a chruthú mar atá Máirtín Ó Cadhain.

 

Ba sa bhliain 1939 a fuaireamar Idir Shúgradh agus Dáiríre uaidh, An Braon Broghach sa bhliain 1948, Cois Caoláire sa bhliain 1953, An tSraith ar Lár sa bhliain 1967, An tSraith Dhá Tógáil sa bhliain 1970, agus tar éis a bháis is ea a foilsíodh An tSraith Tógtha. Sna cnuasaigh sin go léir feictear forbairt an ghearrscéalaí ó dhomhan traidisiúnta agus stíl thraidisiúnta go dtí domhan níos casta agus insint níos casta dá réir.