Colomba (Eagrán Gaeilge)
- .5 KG:
- Coiscéim
- Prosper Mérimée
€12.00
Ba é Prosper Mérimée (1803-1870) a d’fhoilsigh bunleagan an leabhair seo sa Fhraincis sa bhliain 1840. Baineann an t-úrscéal leis an gCorsaic cúpla bliain tar éis thitim Napoléon agus tá idir pholaitíocht, stair agus bhéaloideas le tabhairt faoi deara ann. Is í Colomba banlaoch an leabhair, cailín óg atá ag tathaint ar a deartháir bás a n-athar a dhíoghail. Tá castacht ag roinnt lena carachtar, mar tá sí san am céanna firinneach bréagach, cineálta cruálach, grámhar agus ite ag an bhfuath. Tá an-ghluaiseacht san insint agus coinneoidh an scéal an léitheoir ag léamh leis go dtí an leathanach deiridh.
Ba é Cormac Ó Cadhlaigh a chéadfhoilsigh an leagan Gaeilge sa bhliain 1929. San eagrán seo chuir Nicholas Williams an Caighdeán Oifigiúil i bhfeidhm ar an litriú agus ar an deilbhíocht tríd síos. Bhí air roinnt focal agus logainmneacha a choigeartú freisin chun iad a chur in oiriúint don léitheoir comhaimseartha.





