Skip to main content

Comhfhreagras an Ghúim i gComhaid Oideachais Chartlann Náisiúnta na hÉireann 1926-46 (Imleabhar 1)

  • 0.7 KG:
  • Coiscéim
  • Seán Breandán Ó hUallacháin
  • 6660012210268
Praghas

15.00


Ceann de phrionsabail bhunaidh An Ghúim téacsleabhair agus leabhair ghinearálta a sholáthar do dhaltaí scoile is do lucht léitheoireachta na Gaeilge. Mar chuid dá thráchtas dochtúireachta, dhein an t-údar Seán Breandán Ó Súilleabháin staidéar ar chomhfhreagras an Ghúim sna comhaid oideachais i gCartlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath.

Ábhair a bhaineann le curaclam na scoile a fhaightear sa leabhar seo, cuir i gcás eolaíocht, oideachas, saoránaíocht, spórt, na teangacha Clasaiceacha, tíreolaíocht, taisteal agus an nádúr, creideamh is stair. Tugtar ainm an bhunsaothair is an aistriúcháin, an dáta chomhfhreagrais, ainm an scríbhneora agus an fhaighteora araon, chomh maith le hachoimre ar ábhar an chomhfhreagrais.