Skip to main content

Compás (Compass – Eagrán Gaeilge) Téacsleabhar & Leabhar Scileanna

  • 0.5 KG:
  • Educate.ie
  • 9781917280709
Praghas

33.95


Pacáiste cuimsitheach trí bliana is ea Compás, ina bhfaighfear gach ábhar atá riachtanach chun Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí a theagasc de réir na sonraíochta.

Príomhghnéithe

  • Cur chuige comhtháite neamhlíneach a chlúdaíonn na Torthaí Foghlama.
  • Déantar léamh léarscáileanna agus scileanna tíreolaíochta eile a fhí isteach ó thus deireadh.
  • Tá an leibhéal Gaeilge agus an leibhéal eolais oiriúnach don tSraith Shóisearach.
  • Léaráidí atá soiléir, cruinn.
  • Gníomhaíocht tosaigh (SEO LINN) i dtús gach caibidle chun na scoláirí a chur ar a n-aistear foghlama.
  • Réamhrá gairid a thugann forléargas do na scoláirí ar ábhar na caibidle.
  • Tá na caibidlí roinnte go soiléir i gceachtanna ar leith.
  • Tugann intinní foghlama imlíne ar na príomhphointí foghlama sa cheacht.
  • Liostaítear na príomhthéarmaí tíreolaíochta (Tír agus Téarmaí) a chlúdaítear sa cheacht. Déantar na téarmaí seo a aibhsiú agus a mhíniú go soiléir sa teacs.
  • Geo-Ghníomhaíochtaí a thugann deis do scoláirí scileanna tíreolaíochta a chleachtadh agus cur lena gcuid eolais.
  • Naisc le Gníomhaíochtaí Rangbhunaithe ina bhfaighfear smaointe agus comhairle phraiticiúil maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le topaic na caibidle.
  • Cás-staidéir cothrom le dáta a bhaineann le hábhar an cheachta.
  • Boscaí litearthachta a tharraingíonn aird agus a thugann sainmhíniú ar théarmaí nua.
  • Boscaí Fíricíní ina gcuirtear fíricí suimiúla ar fáil.
  • Naisc físe le físeáin ar líne a chabhróidh le scoláirí cur leis an bhfoghlaim.
  • Ceisteanna ag deireadh gach ceachta (Ag seiceáil amach – súil siar) a chabhróidh le scoláirí an méid a d’fhoghlaim siad a thástáil.
  • Ráitis féinmheasúnaithe a thugann deis do scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama.
  • Ceacht i ndeireadh gach caibidle (Tuirlingt – tasc measúnaithe) a thugann deis do scoláirí an méid a d’fhoghlaim siad ar a n-aistear foghlama a thaispeáint.
  •  Tá leathanaigh Réidh don Scrúdú i ndeireadh gach caibidle. Is anseo a gheofar ceisteanna
  • scrúdaithe samplacha, chomh maith le nótaí agus freagraí. Déantar tagairt do chaibidlí éagsúla
  • chun a thaispeáint mar a dhéantar topaicí a chur i sraitheanna sna scrúduithe. Sa Leabhar Scileanna,
  • tugtar deis do scoláirí tabhairt faoi cheist den chineál a bhíonn sa scrúdú.

Leabhar Scileanna

Is féidir le scoláirí scríobh sa Leabhar Scileanna agus tabhairt faoi réimse gníomhaíochtaí lena scileanna tíreolaíochta agus scrúdaithe a chleachtadh.

Sna cleachtaí ‘Compás Gaeilge’, cuirtear na scoláirí i ngleic le pointí gramadaí agus gnéithe den stíl a chabhróidh leo abairtí soiléire slachtmhara a scríobh.