Skip to main content

COVID-19 in 2020

  • 0.25 KG:
  • Foilseacháin Ábhar Spioradálta
  • Ilúdar
Praghas

10.00


Eagarthóirí Bernie Ó Conaill agus Frainc Mac Brádaigh.

Cúig aiste is fiche atá sa leabhar seo, cúig ábhar marana is fiche ar eispéireas Covid-10 ó scríbhneoirí aitheanta agus ó scríbhneoirí gur beag atá scríofa do dtí seo acu. Scríbhneoirí aneas, aduaidh, anoir is aniar. Bainfidh cuid de na haistí preab asat ar an gcéad iarraidh, cuid eile beidh ort filleadh ar an aiste chun fáil amach an bhfuil rud i dtaisce inti nár léir duit ar an gcéad léamh, cuid eile fós a mhusclóidh mothúcháin éagsúla ionat idir bhuíochas, dóchas, imní, bhrón, iontas agus fhearg fiú.

Tabharfaidh níos mó ná aiste amháin anseo cuireadh duit athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mairimid le chéile, ar fhuadar is ar fhústar an tsaoil nach dtugann saoirse dár dtabhairt faoi deara ná deis dúinn ár súile ná ár gcluasa a oscailt ar áilleacht an domhain thart orainn. Tá daoine inár measc atá compardach ina gcraiceann féin, mar a deir na Francaigh, daoine a ghlacann rudaí go réidh, daoine a bhaineann triail as seansanna nua a chuireann an saol ina dtreo, daoine a luíonn an bhróg go crua orthu, agus daoine a chuireann ina luí orainn go réidh gur ar scáth a chéile a mhairimid.

 

Clár Ábhair:

  • An Dianghlasáil in Árainn – Marc Ó Goill
  • Saol an Dochtúra in aimsir Covid-19 – Méabh Ní Dhiarmada
  • Covid-19 ar an nGort Mór – Micheál Ó Máille
  • Smaointe ar Covid-19 i nDeoise Chill Dalua – Fiontán Ó Monacháin
  • Neamhchinnteacht i Réim – Isbéal Nic Aoidh
  • Athrú Saoil i mBostún – Stiofán Ó Braonáin
  • Bóithrín na Smaointe – Irene Ní Nualláin
  • An Carghas gan Chríoch – Pól Ó Muirí
  • An Dúnadh Síos le Cumann an Dá Chéim Déag – An Bonnán Buí
  • Is Fearr an tSláinte ná na Táinte – Maria Ní Mhurchú
  • Compord agus Sólás ón Dúlra – Feena Tóibín
  • An Saol Nua i Nua-Eabhrac – Micheál Ó Tiarnaigh
  • An Réamhtheachtaire – Peadar Ó Riada
  • An Coróinvireas-Scéal ón Ghearmáin – Sylvia Bledow
  • Ar Dualgas sa Chathair – Colm Breathnach
  • Faoi Ghlas ag Galar – Alan Titley
  • Gaillimh le Gaeilge agus Covid-19 – Bríd Ní Chonghóile
  • Macnamh Pearsanta ar Uair Seo Covid-19 – Seán Ó Conaola
  • Nil Smacht Againn Ar Mhórán sa Saol Seo – Katie McGreal
  • Covid-19 agus Cuimhní ar Ghéarchéimeanna Eile – Deaglán de Bréadún
  • Covid-19 in Iarthar Dhuibhne – Marcas Mac Dombna
  • Codladh na mBeach in Notre Dame – Aifric Mac Aodha
  • Bliain an Athmheasúnaithe – Dónall Ó Cnaimbsi
  • Ag Deighleáil leis an gCovid i nGarraí Pheter William – Gearóidín Nic an loma
  • Biseochaidh Rudaí – Brian Ó Fearraigh