Skip to main content

Cré na Cille (Leagan Gaeilge)

  • 1 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Máirtín Ó Cadhain
  • 9781784442255
Praghas

20.00


Is é Cré na Cille an saothar is mó cáil, seans, sa Nua-Ghaeilge. Cé gur bhuaigh sé duais Oireachtais sa bhliain 1947, dhiúltaigh An Gúm glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill é ar an 10 Márta 1950. In Traidisiún Liteartha na nGael (1979) deir J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na Nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas.’ Agus deir Alan Titley in An tÚrsceal Gaeilge (1991): ‘Úrscéal gan síol gan sliocht is ea Cré na Cille mar is é an focal deireanach é mar gheall ar chomhthionól cúng na tuaithe agus flosc deireanach chaint na ndaoine sa chiall a thuigtí leis sin ó thús na hathbheochana i leith.’ Tá na carachtair san úrscéal seo ar shlí na fírinne ach ní fhéadfá a rá gur marbh atá siad. Ní rabhadar riamh chomh beo is chomh mioscaiseach is atá siad anois.

Moltadh fhoireann An Siopa Leabhar:

Fíorchlasaic nua-aimseartha na Nua-Ghaeilge le Máirtín Ó Cadhain. Scéal den scoth atá greannmhar agus cliste, é déanta go hiomlán as comhrá. Cuireann uathúlacht na gcarachtar go mór leis an eispéireas léitheoireachta, agus léimeann a nglórtha ón leathanach.

B’fhéidir beagáinín casta d’fhoghlaimeoiribh nua i dtaobh tuisceana is teanga de. Bíonn an chanúint Chonamara, an foclóir agus na nathanna cainte an-saibhir ann agus is fiú go mór é a léamh!