Crothla agus Cnámha
- .2 KG:
- Coiscéim
- Torlach Mac Con Midhe
€10.00
Fuacht, sneachta agus oighear… Ta fear feasa na treibhe ina chónaí i bpluais thuas sna sléibhte agus a mhuintir uile imithe ó dheas chun calú ó gheimhreadh crua nach bhfuil deireadh leis go deo. Ina aonar atá sé ó shin, gan aige ach seanchas na treibhe. Ach tá dualgas air an dúchas sin a choinneáil beo, ag fanacht leis an uair a fhillfidh siad más féidir na cosa a thabhairt leis an fad sin, ar ndóigh. Cuimhníonn an seanduine siar ar a shaol, ar an turas 6 thuaidh a rinne sé lena mháistir le dul i gcomhairle leis an Triúr Ban Feasa, agus tagann fiseanna osnádúrtha chuige san oíche. Uaireanta, tugann siad sólás dó, agus uaireanta eile, cuireann siad chun éadóchais é.
Úrscéal corraitheach dúshlánach ó Thorlach Mac Con Midhe. Cé go dtarlaíonn an scéal sa Chlochaois, pléitear téamaí ann atá práinneach sa lá atá inniu ann: athrú aeráide, marthanas, spioradáltacht, dúchas agus teanga.
Tá Torlach Mac Con Midhe ina chónaí i measc na nAlp le fiche bliain anuas. Tá an-aithne aige ar gheimhrí crua, oighearshruthanna, maidhmeanna sneachta, agus gnéithe eile den timpeallacht sléibhe a gcuireann sé síos orthu san úrscéal seo. Tá trí leabhar óna pheann foilsithe ag Coiscéim cheana, agus seo an chéad saothar ficsin uaidh.




