Description
Leis na cianta, ba mhór an caitheamh aimsire ag muintir na hÉireann cruinniú cois teallaigh istoíche chun éisteacht le laoithe agus le scéalta próis na Fiannaíochta. Sort arm seasta a deirtear a bhí sa bhFiann, faoi na hArd Ríthe, Conn Céadchathach, Art Aonair agus Cormac Mac Airt, ach ar rinneadh iad a dhíothú ag Cath Gabhra faoi réimeas Chairbe Lifeachair. Fionn Mac Cumhaill an Taoiseach ba mhó cháil orthu, agus mac leis ab ea Oisín.