Skip to main content

Cuimhní Pinn, Cuimhní Cinn – Seán Ó Sé

  • 0.5 KG:
Praghas

10.00


File, gearrscéalaí, staraí, léirmheastóir agus fear spreagtha ó nádúr ab ea Seán Ó Sé (1939 – 1995). Gheofar sa chnuasach aistí seo an saothar a d’fhág sé le huacht againn agus na cuimhní cinn atá againn ar Sheáin óna mhuintir agus óna lucht aitheantais. Is maith an aghaidh ar Sheán gur éirigh leis an oiread tallainne agus comhair a spreagadh tar éis a bháis agus a d’éirigh leis ina bheatha.
I nGallaras, ar scáth Chnoc Bhréanainn i gCorca Dhuibhne, a saolaíodh Seán Ó Sé I mí Eanáir 1939. Ní raibh aon chearn den dúiche timpeall nach raibh luaiteachas le fáil ann ar chor éigin de scéal na hÉireann: Sáipéal Ghallarais, Eaglais Chill Maoilchéadair, Dún an Óir, Caisleán Phiarais. Bhí saíocht na Gaeilge ag fás chuige mar chuid dá bheatha lae. Bhí Seán ina bhall de Rannóg an Aistriúcháin le hocht mbliana is fiche agus ina Leas-Phríomhaistritheoir ó 1986 go 1995. Bhí sé ar an bhfoireann aistriúcháin a shaothraigh ar na Conarthaí Eorpacha sa mBruiséil i 1971 – 72