De Chion Focal
- 0.5 KG:
€12.50
Stoc ar fáil
Ba léir ón gcéad là… gur don nGaelainn amháin a ceapadh guth an Chíobhánaigh agus gurb i an teanga chéanna a laoch fé mar gurb i an teanga an laoch i litriocht na mionteangan i gcónai. Dar ndóigh, is minic a bhíonn scríbhneoirí na mionteangan cráite ag an dteangain go gcaitheann siad a gcuid fuinnimh léithi, ach an léitheoir go bhfuil an ghearra-chuid, fiú, de shaothar Phádraig Uí Chiobháin leite aige, is léir dó nó di gur fé dhraíocht ag an dteangain atá an scríbhneoir seo seachas cráite aici; é fé dhraíocht ag a háilleacht, ag a cumhacht, ag a saibhreas, ag gach a bhfuil laistiar di ó thaobh staire, cultúir is litríochta, ag gach a mbíonn á iompar aici, ag na féidearthachtaí ar fad a bhaineas léi mar uirlis liteartha, agus é dílis go héag don gcanúint shaibhir a fuair sé le hoidhreacht óna shinsir agus óna chomharsain i nGaeltacht Chorca Dhuibhne mar a bhfuil formhór mór na scéalta sa chnuasach nua so, De Chion Focal, suite.
Ba é an t-éacht deireanach i gcorpas liteartha… an Chíobhánaigh an nóibhille a d’fhoilsigh sé anuraidh, Novella Eile, saothar gur scrigh sé an chéad dréacht de thiar sa bhliain 1989 sara raibh aon leabhar i gcló aige cé go raibh na luathleabhartha ar fad ar ti a bhfoilsithe in aon ruathar amháin, geall leis, fé mar a bheadh maidhm shléibhe nó críth talún a bhainfeadh creathadh as saol na Gaelainne. Dálta an úrscéil éachtaigh ghearra so, baineann na scéalta in De Chion Focal leis an dtréimhse chéanna .i. luathdhréachtaí ós na hochtóidí agus ó thosach na nóchaidí is ea iad atá athshaothraithe is athchóirithe ag Ó Cíobháin le tamaillín anuas.
-Breandán Ó Cróinín




