Skip to main content

Deaideo Craiceáilte agus an Sásar Eitilte

  • 0.25 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Oisín Mc Gann / Fearghas Mac Lochlainn
  • 97811784442811
Praghas

8.00


Fearghas Mac Lochlainn a d’aistrigh Ceannaíonn Lenny agus a Dheaideo craiceáilte sásar eitilte agus as go brách leo go dtí an spás. Ach tá an spás lán le gach cineál ainmhí aisteach, tá cuid acu cairdiúil ach tá cuid eile acu nach bhfuil baileach chomh cairdiúil sin. Tá sé éasca go leor a ghabháil go dtí an spás. Níl sé chomh héasca céanna a theacht ar ais abhaile go
sábháilte!

Scríbhneoir agus maisitheoir Éireannach é Oisín McGann a scríobhann leabhair i seánraí éagsúla do pháistí agus do dhéagóirí. Scríobhann sé ficsean eolaíochta agus fantaisíochta. Scríobhann agus maisíonn sé go leor dá chuid leabhar.

Is iar-mhúinteoir bunscoile é Fearghas Mac Lochlainn atá ina chónaí sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Tá aithne ar Fhearghas mar chumadóir lúibíní, agallaimh bheirte, agus amhráin. Tá roinnt oibre déanta aige mar mhaisitheoir le ‘Fighting Words Chonamara’ freisin. Tá riar leabhra do pháistí aistrithe go Gaeilge ag Fearghas. Ina measc sin tá cúig cinn den tsraith ‘Dónall Dána’ agus deich gcinn den tsraith ‘O’Brien Flyers’. Ba é Fearghas a rinne eagarthóireacht ar an mbailiúchán agallaimh is lúibíní ‘Comhrá Cosáin’. Tá roinnt saothair dá chuid féin scríofa aige freisin.