Skip to main content

Dearg – Máire Zepf

  • .5 KG:
  • Futa Fata
  • Máire Zepf
  • 9781915684196
Praghas

€12.95


Fionn – an cailín a lasann mar lóchrann
achan uair a labhrann sí os ard.

Cairdeas, pobal … agus fearg. An aimseoidh Fionn a guth féin?

Úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí agus daoine óga fásta

Tá Fionn an-phaiseanta faoi go leor rudaí sa tsaol – a cuid cairde, an teanga, cearta daonna – ach aon uair a dhéanann sí iarracht labhairt os comhair daoine eile, teipeann ar a misneach.

Nuair a éiríonn sí féin agus a cairde tógtha leis an ghluaiseacht cearta teanga i mBéal Feirste, déanann sí cinneadh: caithfidh sí a glór féin a aimsiú.

Ach tarlaíonn rud tubaisteach d’Fhionn. Anois, beidh uirthi labhairt amach – ní hamháin ar son na cúise, ach ar a son féin. Ní fada go bhfoghlaimeoidh sí cé chomh misniúil is atá sí i ndáiríre, agus cé chomh cumhachtach is atá a glór nuair a éiríonn léi é a úsáid.

  • Rabhadh ábhair: ionsaí gnéis.
  • Aois mholta: 15+

An tÚdar

Údar aitheanta í Máire Zepf i saol litríocht na n-óg agus litríocht na Gaeilge. Tá ocht leabhar déag le Máire foilsithe go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na léitheoirí is óige, úrscéalta do léitheoirí neamhspleácha agus úrscéalta véarsaíochta do dhéagóirí.

Bhain a céad úrscéal véarsaíochta Nóinín gradam Leabhar na Bliana de chuid KPMG Leabhair Pháistí Éireann i 2020.

Tá a leabhair Rita agus an Dragún agus Rita agus an tEachtrán ón tsraith Rita tar éis a bheith mar leabhair speisialta do Lá Domhanda na Leabhar.

Tá neart gradaim eile bainte ag Máire dá saothair: Gradam Onóra IBBY, Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann, agus dhá ghradam White Raven. Tá a cuid leabhar ar fáil go hidirnáisiúnta i ndeich dteanga dhifriúla. Ceapadh Máire mar an chéad Chomhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don Tuaisceart, lonnaithe in Ionad Filíochta Seamus Heaney in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

An Clúdach

Lauren O’Neill a dhear an clúdach. Maisitheoir í Lauren atá ag obair go gairmiúil ó 2015. Cruthaíonn Lauren píosaí ealaíne don fhoilsitheoireacht, don fhógraíocht, do bheochain agus dá thuilleadh.