Deargadaoil i mbád fó Thoinn
- 0.5 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Pádraic Breathnach
Praghas
€12.00
Is leabhar fuinniúil, gaisciúil é seo a mbainfidh cuid mhór daoine sult as. Meafar é an teideal do shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir. Ach cá bhfuil an chumadóireacht agus cá bhfuil an fhírinne?
Sampla cumasach den úrscéal campais, a thugann fogha fés na boic mhóra atá i gceannas ar na hinstitiúidí acadúla fé láthair, fén struchtúr comhachta atá i bhfeidhm agus fén gcleachtas áiféiseach atá á bhrú ar an aos léinn.
Leabhar an-taitneamhach, scríofa ag an té a thuig córas áirithe agus ar féidir leis bunús an chórais áirithe sin a mhíniú i mbealach greannmhar agus mealltach.