Deartháir Beag (Miñan)
- .4 KG:
- 9788409830268
€13.00
Caithfear dídhaonnú a dhéanamh ar dhaoine a thagann an Mheánmhuir anall le go ndéanfar neamhshuim dá mbás, dá ndíbirt nó dá saol gan doiciméid. Mar sin féin, tá saol gach duine acu seo uathúil, agus mar sin uilíoch.
Is é atá sa leabhar seo cuntas ar shaol Ibrahima Balde, scríofa ó ghlór a chinn agus i lámh Amets Arzallus, file Bascach a ghníonn tobchumadh as maoil a chonláin.
Friotal ionraic scagtha, a bhfuil filíocht dhoshéanta ann, is é a dhearcadh an dearcadh uathúil atá ag duine a d’fhulaing gach rud, agus in ainneoin gach rud tá an neart aige go fóill rud inteacht a dhéanamh de atá álainn, rud inteacht úsáideach.
Is leabhar sárdhíola é seo i dtíortha éagsúla san Eoraip, tá duaiseanna liteartha iomráiteacha faighte aige. Tá sé aistrithe go níos mó ná deich dteanga.








