Skip to main content
Lascaine!

Deirdre / Bláthnaid / Sadhbh (trí leabhar le chéile)

  • .5 KG:
  • Leabhar Breac
  • Darach Ó Scolaí
Praghas

Original price was: €54.00.Current price is: €45.00.


Deirdre

Tá Deirdre agus Clann Uisnigh ar cheann de mhórscéalta na nGael. I Leabhar na hUidhre agus i Leabhar na Nua-Chongbhála atá na leaganacha is sine de, agus bailíodh leaganacha eile in Éirinn agus in Albain ó shin.

Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair álainn ealaíne.

Bláthnaid

Tá scéal Bhláthnaide ar cheann de scéalta móra na Rúraíochta. Is ann atá cur síos ar fhuadach iníon álainn rí Mhanann go dtí Cathair Con Raoi i gCiarraí, agus ar an mbáire fola a bhí mar thoradh ar an ngrá a thug beirt laoch di.

Is ar na leaganacha is sine den scéal a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair álainn ealaíne.

Sadhbh

Scéal cliste greannmhar atá sa phictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta faoi bhean óg a sheasann an fód in aghaidh na bhfear — agus in aghaidh Rí Mumhan ach go háirithe. Athinsint atá ann ar cheann de na scéalta is breátha dá bhfuil againn sa tseanlitríocht, Ceasacht Iníon Ghuile.

Is é Darach Ó Scolaí a scríobh an leagan nua seo den scéal, agus is é an t-ealaíontóir Alé Mercado a rinne maisiú ar an leabhar.