Skip to main content

Dhá Scór Eala

  • 0.2 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Aingeal Ní Chualáin
  • 9781784442682
Praghas

10.00


Cnuasach filíochta le Aingeal Ní Chualáin

Cnuasach lán daonnachta is dúchais é seo, a bhfanann na nótaí aiceanta a bhuailtear ann ag macallú i gcuimhne an léitheora. – Moltóirí an Oireachtais

Is iarracht iad na dánta seo cló focal a bhualadh ar an saol. In am seo na cinniúna ó thaobh thodhchaí na cruinne de déantar athghabháil ar na nithe a chuidigh leis an bpobal teacht slán san am a caitheadh: ómós don dúchas lena n-áirítear an teanga, na healaíona dúchais agus an creideamh atá fós beo.

Feictear an t-ómós áite sa gcur síos a dhéantar ar an tírdhreach agus ar an nádúr ar siombailí de iad na healaí agus iad ag filleadh bliain i ndiaidh bliana. Tá cúram déanta sa gcnuasach seo d’iarmhairtí na cogaíochta más sa mbaile nó i gcéin é agus tugtar cuireadh athmhachnamh a dhéanamh ar chiste na síochána nuair is ann di. – Aingeal Ní Chualáin