Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Ind
- .3 KG:
- Óga Yoga
- Ciarán Mac Fhearghusa, Mousam Banerjee
- 9781914259159
Praghas
€14.95
Nuair a thugtar cuireadh do Dhiarmuid teacht go dtí an Ind, imíonn sé leis ar eachtra spleodrach spraíúil chun an chathair rúnda dhraíochta Shambhala a aimsiú atá i bhfolach sna Himiléithe! Foghlaimíonn sé faoi na hainmhithe fíorspéisiúla, faoin gcultúr ársa agus faoin timpeallacht shaibhir atá sa tír is mó daonra ar domhan.
Insítear scéal Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Ind trí rímeanna spraíúla agus trí léaráidí áille a thaitneoidh go mór le páistí de gach aois. Nascann sé yoga, aireachas, cleachtaí féinrialaithe agus miotaseolaíocht le chéile ar bhealach nuálach taitneamhach.



