Skip to main content

Diskan / Agallamh – Danevelloù / Gearrscéalta

  • .4 KG:
  • Coiscéim, Al Liamm
  • Jakez Riou, Máirtín Ó Cadhain, Gwion Hernot
  • 9782736801861
Praghas

13.00


Cnuasach dátheangach Gaeilge–Briotáinis is ea Diskan – Agallamh de ghearrscéalta de chuid Mháirtín Uí Chadhain agus Jakez Riou. Ó Cadhain agus Gwion Hernot a thiontaigh na scéalta ó Bhriotáinis go Gaeilge agus a mhalairt treo.

Is é Éamon Ó Ciosáin, iarléachtóir le Briotáinis in Ollscoil Mhá Nuad, a chuir an leabhar in eagar agus chuaigh Al Liamm agus Coiscéim i bpáirt lena chéile chun é a fhoilsiú.

Díolaim de chúig ghearrscéal atá ann agus iad le léamh i nGaeilge agus i mBriotáinis os comhair a chéile amach ionas gur féidir an dá theanga Ceilteacha a chur i gcomparáid lena chéile. Is le Riou ceithre scéal acu agus an Cadhnach a scríobh an cúigiú scéilín “Glantachán Earraigh”. Tá réamhrá curtha leo ag an gCiosánach a thugann beagán eolais faoi chomhthéacs na scéalta. Áirítear ann freisin dréacht molta a scríobh Ó Cadhain dá chara Hernot, a fuair bás i dtimpiste marcaíochta sa bhliain 1950 in aois a dheich mbliana is fiche.