Skip to main content

Dochtúirí an Dóchais – Stair Acadamh na Lianna 1968–2018

  • 0.5 KG:
Praghas

15.00


Seo leabhar ar chumann Gaelach do dhochtúirí agus dóibh siúd sna gairmeacha gaolmhara. Cumann croíuil é Acadamh na Lianna atá ag ceiliúradh an leathchéid ó bunaíodh é sa bhliain 1968; dá bhrí sin, is é an dara gairmeagras Gaelach is sine in Éirinn. Ba é an t-idéalachas a spreag a bhunú, an díograis a chothaigh é, agus a abharthacht a thabharfaidh fad saoil dó. Níor foilsíodh stair an Acadaimh roimhe seo riamh, mar sin, tá an-chuid eolais tugtha chun solais anseo faoi gcumann, ach freisin, tá léargais ar ghnéithe eile de shaol na Gaeilge. Tá áit faoi leith ag Acadamh na Lianna in athbheochan na Gaeilge, agus údar bróid ag na baill as.

 

Stair Acadamh na Lianna 1968-2018. Is cúis cheiliúrtha agus bród d’Acadamh na Lianna go bhfuil an leathchéad bainte amach aige. Tá an cuntas seo bunaithe ar litreacha ar nuachtáin agus miontuairiscí na gcruinnithe uilig agus é maisithe le h-íomhánna agus grianghrafanna ó síos tríd na blianta san. Is bun agus barr an scéil seo ná nach mbíonn cur amach ag na mic-léinn ar Acadamh na Lianna: dá mbeadh, bheidís ina mbaill, lán d’ídéalachas.