Dorchadas um Nóin (Darkness at Noon)
- 0.4 KG:
- Risteárd Mac Annraoi
- Risteárd Mac Annraoi
€15.00
Aistriúchán Gaeilge ag Ristéard Mac Annraoi ar ‘Darnkess at Noon’ le Arthur Koestler.
‘Dúnadh doras an chillin de phlab taobh thiar de Rúbaiseov…’
Chaith Arthur Koestler (1905-83) saol fíoreachtrúil mar iriseoir, úrscéalaí, agus trodaire ar son an chirt. Ungárach de phór Giúdach ab ea é, fear iltíreach ilteangach ildánach agus comhbhá aige le teifigh is cimí. Saoi de chuid na fichiú haoise ab ea é, agus tábhacht bhuan lena fhís. Chaith sé a dhúthracht leis an tsaoirse aigne a chothú i ngach tír.
Mórúrscéal machnamhach is ea Dorchadas um Nóin a foilsíodh i 1941. Cáineadh ar stáit ollsmachtacha de shaghas ar bith atá ann, rabhadh d’éinne a mbeadh rómhuinín aige as idé-eolaíocht ar bith. Ní mór aird a thabhairt ar fhírinní an chroí chomh maith leis an réasún fuarchúiseach.
Cime polaitiúil ina chillín uaigneach is ea Rúbaiseov. Tráth dá raibh, bhí sé óg idéalach, ag tnúth leis an Tír Tairngire. Tá curtha ina leith anois, áfach, gur fheall sé ar an réabhlóid a thug a ghlúin féin i gcrích. Agus an bás ag teannadh leis, tá léargas ar a shaol uaidh. Conas a tháinig drochthorthaí ar dhea-aisling? An bhfuil modhanna gránna mídhaonna ceart má chuireann siad cuspóiríuaisle chun cinn?




