Dorn san Aer
- .3 KG:
- Colmcille Press
- Paul Laughlin
€12.00
Stoc ar fáil
Tá sé ráite go bhfuil achan rud sa saol pholaitiúil – fiú amháin an fhilíocht. Ní drochrud é sin, dar linn, go háirithe nuair atá an fhilíocht chomh fiúntach le Dorn San Aer. Téann na dánta seo, atá thar a bheith cumasach, i ngleic le ceisteanna móra an lae inniu agus an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm orainn.
Tugann siad léargas mácanta, cuir i gcás, ar an scrios atá déanta ar an Phalaistín mar gheall ar an choilíneachas. Ar ndóigh, as Doire é Laughlin agus an chathair mar théama aige sna dánta SaorDhoire, Caoineadh Chalgaigh agus Mozart i nDoire.
Cloistear guth láidir pearsanta an fhile nuair a phléann sé le rudaí tábhachtacha- cogadh, cúrsaí polaitíochta, an tseicteachais, na héagóra, an choilíneachas in Éirinn agus sa Phalaistín.
Cnuasach daingean é seo, ina sníomhann na téamaí roghnaithe le chéile go snasta ealaíonta.
Bailiúchán breá a scrúdaíonn tráma na dTrioblóidí agus a léiríonn comhbhá as cuimse leo siúd atá sáinnithe i bhfáinne fí an fhoréigin i gcéin is i gcóngar.
Clár:
- Ceist na Gaeilge
- Na Gaeil ar an Fharraige
- Caoineadh Chalgaigh
- Mozart i nDoire
- SaorDhoire
- Dathanna an tSamhraidh
- Plúchta
- Dearg, Bán is Gorm
- Clapsholas
- Dallamullóg
- Galileo ina Óige
- Foscadh
- Feidhmiú Dlí Idirnáisiúnta
- Scéalta Gaza
- Mise an Phalaistín
- Cathais
- Cathais – Leagan Araibise
- Oilithreacht Bheag
- Oilithreacht Bheag – Leagan Araibise
- Uaillmhian
- Cuir Ceist ar Údárás
- Scrúdaithe
- Gan Focal
- Seanfhocail an Lae




