Skip to main content

Drámaíocht na Gaeilge – Drámaíocht na Gaeilge ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh

  • .5 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
Praghas

20.00


Cnuasach aistí a scrúdaíonn drámaíocht na Gaeilge ó lár an chéid seo caite.

Cad iad na drámaí is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Cad iad na drámaí Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? Cé hiad na drámadóirí móra ar chóir dúinn a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna? Sé aiste déag ata faoi chlúdaigh an leabhair seo a dhéanann scagadh ar shaibhreas na drámaíochta Gaeilge.

I measc na ndrámadóirí agus na ndrámaí a bpléitear leo sa leabhar seo tá: Máiréad Ní Ghráda, An Triail; Breandán Ó Beacháin, An Giall; Eoghan Ó Tuairisc, Lá Fhéile Míchíl; Antoine Ó Flatharta, Gaeilgeoirí & Grásta i Meiriceá; Joe Steve Ó Neachtain, Níor Mhaith linn do Thrioblóid; Micheál Ó Conghaile, Go dTaga do Ríocht & Jude.

Philip O’Leary

Ollamh Emeritus, Morrissey College of Arts and Sciences, Boston College

 

Brian Ó Conchubhair

Ollamh comhlach Gaeilge & Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame.