Skip to main content

Dúchan – Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain *RÉAMHORDÚ – ag teacht Samhradh 2025*

  • .5 KG:
  • Acadamh Ríoga na hÉireann
  • Máirtín Ó Cadhain
  • 9781802050264
Praghas

25.00


Blúirí ó shaothar Mháirtín Uí Chadhain a thugann léargas ar theanga, sochaí agus pearsantachaí Chonamara sna 1930idí. Tá deich dtéama i gceist (sláinte, grá, an talamh, an aimsir, agus an fharraige san áireamh). Tugtar míniú ar na focail, agus tá scéalta beaga le fáil sna blúirí féin.

Léaráidí le Seán Ó Flaithearta ó Inis Mór.

Is cnuasach é ‘Dúchan’ de shamplaí a bhreac Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) ina mhórshaothar foclóireachta, mar léiriú ar úsáid focal, nathán agus leaganacha cainte i gcanúintí Gaeilge Chonamara a linne féin. Gheofar ann léiriú suntasach ar chaint agus ar shaol na Gaeltachta, chomh maith leis an eolas atá ann ar bhríonna agus ar úsáid focal. Tá an t-ábhar curtha in eagar anseo faoi deich gcinn de théamaí. Togha agus rogha é an t-ábhar ón bhfoclóir mór, atá ar fáil ina iomláine mar eagrán ar líne. Is beag gné de ghnáthshaol na Gaeltachta nach bhfuil trácht uirthi sna sleachta seo, cé acu fada nó gairid iad, ó pheann mhórscríbhneoir Gaeilge an 20ú haois.

Is as an Bhinn Bhorb, Co. Thír Eoghain do Charles Dillon. Tá sé mar Eagarthóir ar an gclár taighde Foclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann ón mbliain 2016. Chaith sé seal roimhe sin ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Banríona, tar éis dó a chéim dochtúireachta a bhaint amach in Ollscoil Uladh. Tá roinnt mhaith taighde foilsithe aige faoi theangeolaíocht, litríocht agus lámhscríbhinní na Nua-Ghaeilge.

Is as Aill na Brún i gConamara é Colm Ó Cuaig. Is in Ollscoil na Gaillimhe a bhain sé amach a chéim dochtúireachta sa mbliain 2017, an bhliain chéanna ar chuir sé tús lena chuid oibre le Foclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tháinig deireadh lena sheal san Acadamh sa mbliain 2025 agus é anois ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.