Skip to main content

Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh / Réics Carló – Uimhir a Ceathair 4

  • .3 KG:
  • An Gúm
  • Cathal Ó Sándair
  • 9781857919929
Praghas

9.00


‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé!’

Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha.

Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh?

Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach?