Skip to main content

Eachtra Asail

  • .3 KG:
  • Arlen House
  • Comtesse de Ségur, Nollaig Mac Congáil (eag.)
Praghas

15.00


Mémoires d’un âne, Comtesse de Ségur. Domhnall Ó Cearbhall a rinne an leagan Gaeilge. Nollaig Mac Congáil a chuir an t-eagrán seo in eagar.

 

Asal eisceachtúil is ea Napoleon atá níos cliste, níos fadcheannaí agus níos géarchúisí ná aon asal dár mhair riamh. Cuirtear síos sa leabhar seo ar a chuid eachtraí éagsúla ina léirítear a bhuanna iomadúla. Níl sé gan locht, áfach, nó uaireanta géilleann sé dá dhrochmhéin sula bhfilleann sé ar bhealach a leasa i ndeireadh na dála.

Is úrscéal morálta é seo ón naoú haois déag a aistríodh ón bhFraincis. Bhí ráchairt mhór air mar leabhar i dteangacha éagsúla ar feadh na mblianta fada. Is breá go bhfuil an saothar seo ar fáil as Gaeilge anois agus cuirfidh léitheoirí óga fáilte ar leith roimhe ó tharla ábhar léitheoireachta den chineál seo ar an ngannchuid sa Ghaeilge.