Skip to main content

Eadar Muir is Tír

  • 0.3 KG:
  • An Gúm
  • Standish O'Grady
  • 9781857912357
Praghas

6.95


Mí lúil a bhí ann sa bhliain 1854 agus bhí Seán Freeman sa bhaile cois farraige ar laetha saoire as Coláiste na Tríonóide. Tráthnóna breá amháin, chuaigh sé a dh’iascaireacht agus, ach oiread agus dá slogadh an talamh é, níor fhill sé. Bhí imeacht Sheáin diamhrach agus dothuigthe, ach níl inse ar an scanradh agus ar an uafás a chuir an chinniúint ar iomlán na dúiche nuair a d’imigh a dheartháir Éamann gan tásc gan tuairisc fosta.

San úrscéal seo eachtraíonn Standish O’Grady scéal na beirte agus ar bhain díobh ón uair a cailleadh iad gur fhill siad an Nollaig dár gcionn. I bhfoirm tuarascálacha a insíonn sé an scéal, mar a bheadh cuntas ag na pearsana éagsúla ar an chuid s’acusan do na heachtraí, agus na cuntais curtha in ord ag eagarthóir na blianta ina dhiaidh sin.

Scoth aistriúcháin a rinne Niall Johnny Shéamaisín Ó Dónaill ar an leabhar seo. Chuir sé canúint chraicneach a cheantair féin ar Bhéarla Victeoiriach Standish O’Grady gan tréas a dhéanamh ar a dhath den scéal.