Skip to main content

Eagarthóir – Risteárd Ó Glaisne

  • 0.5 KG:
Praghas

15.00


Ar léigh tú Focus riamh? nó Reform?

Tharlódh nar léigh. Daichead Bliain ó shin a bhí siad ann. Ach ba spéisiúil, is spéisiúil, a scéal. Óir, i dtír a bhí deighilte, rinne siad sin iarracht ar dhaoine a thuiscint ní ba dhoimhne.

Risteárd Ó Glaisne a bhí ina eagarthóir ar na páipéar úd. Páipéir liobrálacha ab ea iad. Bhí tuairimí den uile shórt iontu – tuairimí ar an pholaitíocht, ar an chreideamh, ar an nuascríbhneoireacht agus ar go leor leor eile.

Tá scéal ar chuir le chéile idir Éireannaigh de chineálacha éagsúla anseo. Ni raibh irisí dá leithéidí sa tír riamh roimhe sin, na ó shin.

Is geal le léargas ar stair na linne iad agus is ábhar nach beag as dírbheathaisnéis Ristéaid féin anois iad, anois ach go háirithe is gan an Corcaíoch lách ildánach oll-leabhrach farainn feasta, monuar, le cur leo.