Éanna Corr (Gradam Réics Carló 2025)
- .35 KG:
- Leabhar Breac
- Antain Mac Lochlainn
- 9781913814595
€12.00
Duine ar an imeall é Éanna Ó Corra. Aonarán i measc na ndaltaí eile i bPobalscoil na Carraige. Éan corr, go deimhin. Ach cuirtear casadh i scéal Éanna nuair a thagann dalta nua chun na scoile. Ní dalta mar gach dalta eile é Síomón Collina. Tá sé muiníneach. Tá sé cliste. Agus tá sé ag iarraidh a bheith mór le hÉanna. Ach an féidir go bhfuil rud éigin á cheilt aige? An cairdeas nó cleasaíocht atá le tairiscint aige? Agus cé hiad an dream rúnda seo, an Teampall Nua?
Scéal faoi chairdeas atá in Éanna Corr. Scéal faoi shaoirse is ea é chomh maith. An mbeidh Éanna in ann an fód a sheasamh dó féin agus dá chara? An mbeidh sé de mhisneach aige na ceisteanna crua a chur, fiú má chuireann sé sin an cairdeas i mbaol? An mbeidh aird aige ar chomhairle a dheirféara, Brídín: ‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’
Úrscéal do dhéagóirí a thugann aghaidh ar shaol ár linne, ar an uaigneas, ar an mbulaíocht, agus ar an misneach is gá le tabhairt faoin saol.




