Skip to main content

Éigse na Bruiséile

  • .4 KG:
  • Leabhar Breac
  • Ilúdar, in eagar ag Aogán Ó hIarlaithe
  • 9781913814748
Praghas

16.00


Reáchtáladh Éigse na Bruiséile den chéad uair i mí na Bealtaine 2022. Is toradh é ábhar an leabhair seo ar an chéad Éigse sin ‒ iarbhlas tairbheach tarraingteach ar chuid de na himeachtaí a reáchtáladh lena linn. Tá an sean ann: tuairisc chuimsitheach ar an nasc stairiúil atá ag na Gaeil leis an limistéar a dtugtar ‘an Bheilg’ air sa lá atá inniu ann. Tá an nua ann: anailís léirsteanach ar staid chomhaimseartha na Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Agus tá an tsíoraíocht ann: blaiseadh den drámaíocht agus den litríocht araon.