Éistidh a Dhaoine – Amhráin agus Dánta Gaeilge ó Bhileoga Bailéad
- .8 KG:
- Cló Torna
- Pádraig De Brún
- 9781999685942
€25.00
Is mó slí inar tháinig amhráin na Gaeilge anuas chughainn. Ceann acu ab ea na bileoga beaga clóite a bhíodh á ndíol laethanta aonaigh agus margaidh. Cló agus litriú an Bhéarla a bhíodh ar na hamhráin Ghaeilge a seachadadh ar an gcuma so de ghnáth, agus iad doiléir dothuigthe ar uairibh dá bharr san. Cuid de stair shóisialta an naoú haois déag is ea na cáipéisí seo, agus cuid de stair na clódóireachta go háitiúil in Éirinn. Ní miste a rá gur cuid diamhair de stair litríocht na Gaeilge is ea iad chomh maith.
Sa leabhar so tá téacs na n-amhrán – breis agus leathchéad acu – in eagar ósna bileoga bailéad ag an Dr Pádraig de Brún, agus an ceol a ghabhadh leo réitithe ag an Dr Ríona Ní Churtáin. Idir a bhfuil de chúlra sa réamhrá agus de thráchtaireacht sna nótaí agus sa bhfoclóir cuimsitheach, tá foras feasa curtha ar fáil ar ghné de stair na Gaeilge agus de stair na hÉireann nár tugadh mórán airde uirthi go dtí anois.










