Eoghan Béal
- .5 KG:
- Leabhar Breac
- Darach Ó Scolaí
- 9781913814847
€18.00
Tá scéal Eoghain Béal ar cheann de na scéalta móra is lú eolais orthu sa Ghaeilge. Is mar Chaithréim Cheallaigh is fearr aithne air — ‘Caithréim Cellaig meic Eogain Bél’ i Leabhar Buí Leacáin nó ‘Betha Ceallaig epscoip & a mhartra’ mar atá ag Micheál Ó Cléirigh air.
“Mo gha dearg i mo dheasláimh”
Is sa nua-insint seo, bunaithe ar an seanscéal Caithréim Cheallaigh, a insítear scéal an rí ar Chonnachta a d’ordaigh, ar leaba a bháis dó, gan é a chur sa reilig. “Cuirtear anseo mé ar thaobh an rátha,” ar sé, “i mo sheasamh sa gcré, m’aghaidh leis an tuaisceart, agus mo gha dearg i mo dheasláimh.”
Bás uafásach na gCeithre Maol
Is ann atá cur síos ar mhallacht Chiaráin Chluain Mhic Nóis; ar an drochmharú a tugadh ar Cheallach, Easpag Chill Ala; ar chéasadh agus ar mharú na gCeithre Mhaol; agus ar an mbáire fola ar bhainis Mhuirígh mhic Eoghain; chomh maith le bás agus adhlacadh Eoghain Béal féin.
Ealaín mhaisiúil Alé Mercado
Is ann atá cur síos ar an mbáire fola ar bhainis Mhuirígh mhic Eoghain; chomh maith le bás agus adhlacadh Eoghain Béal féin.
Is ar leagan den scéal ón 16ú haois a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo, agus is é an t-ealaíontóir Alé Mercado (Sadhbh, 2025) a chruthaigh na pictiúir iontacha atá ina gcuid lárnach den saothar seo.




