Evan agus Emily agus Scéalta Eile
- .5 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Éamonn Ó Loingsigh
- 9781784443047
€12.00
Cnuasach gearrscéalta do dhaoine sna déaga. Machnamh cailín agus gach a ritheann trína hintinn agus í ar a bealach chuig trialacha faoi-16 peile an chontae; buachaill óg ag samhlú Pháirc an Chrócaigh i ngarraí fiáin ar chúl an tí; beirt dhéagóirí i ngrá agus iallach curtha ar dhuine acu rogha a dhéanamh idir peil agus rugbaí; cailín óg de bhunadh na hAfraice a bhfuil bua faoi leith peile aici ach a bhfuil a muintir go mór ina aghaidh; agus an choimhlint idir obair an ranga agus dualgais spóirt na scoile – seo cuid de na téamaí a chíortar sa gcnuasach gearrscéalta seo.
Bainfidh daoine óga agus a dtuismitheoirí, idir shean agus nua, tairbhe agus taitneamh as na scéalta seo a rianaíonn saol agus taithí déagóirí agus a gcaidreamh lena chéile.




